Cathal Ó Murchú Ó a scaip an nuacht go bhfuair an Pápa Proinsias bás maidin Luan Cásca tá tráchtairí na meán agus neart eile amuigh ag déanamh measúnú ar an gcineál pápa a bhí ann, agus tá tuairimí dearfacha den chuid is mó léirithe faoin bhfear féin agus faoina phápacht. Bhuail stróc agus taom croí…
D’fhógair an tAire Gordon Lyons £103,000 sa bhreis do Ghníomhaireacht na hUltaise chomh maith le hairgead i gcomhair tionscadail a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá Jack Mac Íomhair Tá an Chéad-Aire Michelle O’Neill ag rá go gcuirfidh sí ceisteanna ar an Aire Pobail Gordon Lyons maidir leis an airgead breise atá fógartha aige do Ghníomhaireacht…
Domhnall Mac Concharraige Tá pobal Gaoth Dobhair fágtha croíbhriste tar éis tine a scrios séipéal an pharóiste Luan na Cásca. Tuairiscíodh an tine ar dtús ag 4 am agus d’fhreastail seacht n-aonad ón mbriogáid dóiteáin agus na Gardaí ar an suíomh. Ar an dea-uair níl aon duine gortaithe, ach bhí ar dhaoine éalú óna dtithe…
Domhnall Mac Concharraige Tá ANEW (Asset Network for Education Worldwide), grúpa atá lonnaithe in Calafornia ag céilúradh 20 bliain ar an bhfód. Bunaíodh an grúpa in 2005 agus fís acu seantroscán a athúsáid agus a athchúrsáil. Is í Rose Tourje bunaitheoir an chomhlachta agus bhí gairm fhada aici i ndearadh intí agus bhí sí bainteach…
Eoin O Murchú Bhí deacrachtaí le poist mhúinteoireachta a líonadh go mór chun tosaigh ag cruinnithe ceardchumann múinteoirí an tseachtain seo, deacrachtaí atá ag éirí fíorghéar i mBaile Átha Cliath mar gheall ar dheacrachtaí eile, lena n-áirítear áit chónaithe a fháil ar chíos réasúnta nó ar chíos iníoctha. Tá an rialtas ag rá go mbeidh…
Eoin Ó Murchú Cé go bhfuil an rialtas meáite ar dhul ar aghaidh lena bplean le deireadh a chur leis an nglas triarach, is cosúil nach bhfuil an pobal ar aon intinn leo faoin scéal. Tugadh an glas triarach isteach nuair a dhiúltaigh an pobal glacadh le Conradh Nice in 2001. Ceapadh go raibh imní…
Kerron Ó Luain Shamhlófá nach “ábhar conspóide” a bheadh i gceist nuair a bhaineann ceoltóirí leas as ardán ollmhór chun labhairt amach i gcoinne an chinedhíothaithe. Ach is é sin an chaoi a bhfuil an scéal faoi Kneecap ag tacú le muintir na Palaistíne ag an bhféile cheoil Coachella á insint ag na mórmheáin. Ar…
Eoin Ó Murchú Dea-scéal do Shinn Féin, agus drochscéal d’Fhine Gael, ach i ndáiríre ní féidir an iomarca a léamh as an bpobalbhreith is deireanaí de chuid Ipsos a foilsíodh in The Irish Times. Níl aon tolltoghchán ar na bacáin go luath. Mar sin féin, tá ábhar gliondair ann do Shinn Féin go bhfuil an…
Jenna Goulding Creid é nó ná creid, ach tá Riverdance ag comóradh tríocha bliain a bhunaithe i mbliana. Bhí an Eoraifís á hóstáil in Éirinn ar an 30 Aibreáin 1994 in The Point Theatre. Sin an chéad uair a taispeánadh Riverdance. Siamsaíocht sosa san Eoraifís ba ea é. Ní raibh an damhsa ach seacht nóiméad…
Cóilín DuffyBeidh an tseirbhís nuachta nuálaíoch do pháistí, Nuacht Cúla4, faoi chaibidil ag Mojofest 2025, an chomhdháil idirnáisiúnta is mó le rá maidir le iriseoireacht shoghluaiste agus scéalaíocht dhigiteach. Is ionann “mojo” i dteideal na comhdhála agus “mobile journalism”. Beidh an ócáid ar siúl ar an 28 agus 29 Aibreán i Halla Uí Raghallaigh, Coláiste…